An Yank

by Administrator 23. September 2008 13:53

This poem is written in a moment of madness and full apologies to all Yanks who visit Ireland.  Mike is purely fictional and the poem is just a bit of craic so just go with the madness!!

Mí Lúnasa seo caite
Tháinig cuairteoir chuig ár dtír
Mike as Philadelphia
Nár fhill le dhá scór bliain.
Thaistil sé thar farraige
Ach níorbh shin an rud bhí cearr
Bhí leath- mhaing ar an Q.E.2
Le méid a mhótar car.
 
Uirthí sciatháin mar an iolar
Is suíocháin do dhá scór
Soilse mar Pháirc Lansdúin
Ar oíche chluiche mhóir.
Bhí teileafón is teilí
Leithreas is síbín
Bhí chuile dhuine ar lorg spin
Le Mike sa limousine
 
Chuamar go Béal Deirg
Poll a tSómais is Eachléim
Béal a’ Mhuirthead agus Eannach,
Corrchloch agus Céim.
Gaoth Sáile agus Athuas
Gleann Urla agus Cillín
Ní raibh duine beo i gContae Mhaigh Eo
Nach bhfuair ride sa limousine.
 
Nílimíd eolasach ar Bhrussels
Strassbourg nó Berlin,
Ach muid oillte ar Mhinnesota,
Cincinatti is Washington,
Arizona, North Dakota,
Illinois is New Orleans
Níl fear sna stáit nár chula trácht
Ar Mhike an limousine.
 
Bhí bac ar thrácht an Dómhnaigh
Taréis Aifrinn, nuair a chas
An limo agus mini,
Asal agus cairt.
Ar achainní an tsagairt
Is eadarghuí na naomh
Scaoileadh saor an t-asal bocht
A bhí casta ins na wheels.
 
Anois deir daoine “Howdy!”
In áit “Dia is Muire dhuit,”
“Bet your bottom dollar!”
“I guess,” O.K.,” is “Shucks!”
“God damn it for a story,”
In áit “Nach dona an scéal!“
Níl “Bail ó Dhia ar an obair!”
Díreach “Have a nice day!”
 
Trathnóna ag teacht ó thábhairne
Is an bhróg go trom ar gheas
Sciorr sí isteach sa bportach
Is ní raibh aon éirí as.
Thosaigh Mike ag reváil
Ach d’ísligh sí de gheit
Go raibh clúdach puiteach portaigh
Ar na suíocháin bhreá bheilbhit.
 
“Well I guess she’s just a goner’”
Arsa Mike le dearg gnúis
“I just gotta get outta here
o gcríochnóidh mé mo chruise.”
D’imigh sé leis i dtaxi
De charr is asailín
Is thíos i dtóin poill portaigh
D’fhág Mike an liomousine.
 
 
Anois imí’ uainn na stetsons
Na scálaí is cigars
Muid arais arís le Neddy
Níl trácht ar mhótar cars.
Dearmadtha gach turas
Muid ag obair linn go dian
Níl tuaraisc ná tásc le fáil aon áit
Ar Mhike an limousine.
 
Tá ainmhithe ina gcónaí ann
Éanlaith agus éisc
Feithidí agus plandaí
Ina gcuireadh eolaí spéis.
Tá sé ráite ag an aire
Ar mhaithe le h-ealaín
Go n-osclófar Músaem Dúlra
I mótar Mhike an limousine.

Currently rated 5.0 by 1 people

  • Currently 5/5 Stars.
  • 1
  • 2
  • 3
  • 4
  • 5

Tags:

An Teacht Amach | A bit a' craic

Powered by BlogEngine.NET 1.4.5.0
Theme by Mads Kristensen

About the author

I love  writing poems in the Irish language. Most of my conversations/communications are usually in Irish as it is my favourite language in all the world.  I live in the west of Ireland, enjoying the wind, the rain and the rare glimpses of the sun.  I love the sound of the sea and the constant singing of birds and these are echoed in my verses.  I have published three books of poetry: 'Cúinne na mBard', 'Cumar na mBard' and 'An Teacht amach' with Coiscéim.  The last title has a long story behind it that I will save for another day.  I regard myself as a bard rather than a poet because most of my verses are about practical things, ordinary people and places rather than the mystic and the mysterious even though there's a touch of that here and there in some poems.  I am really just a learner in this field so bear with me and enjoy the reading as I do the writing.

Leabhar nua ar fáil "Bun na Dúid" agus tá suil agam go dtiocfaidh sibh air i siopa éigin!

Tá súil agam go mbainfidh tú taitneamh agus sult as na bhéarsaí atá curtha in airde agam anseo.

Cuir ríomhphost chugam ag polaimhin@yahoo.com Beidh fáilte roimh gach tuairim!  

Pádhraic   

Page List