Inis Gé Island off the coast of May is one of my favourite place on earth. I heard an old man Willie Sal talking on Raidio na Gaeltachta about his life on the island and why he left and I wrote these lines in his honour. He tells of the drowning of his brother in the drowning disaster of 1927.
Willie Sal
I m' shuí sa charr trathnóna,
Mífhoighdeach,
Ag feitheamh le traein,
Báisteach throm ag titim
Clagarnach rialta-
Braon i ndiaidh braoin
Seanfhear ar an raidio
Ag caint faoi Inis Gé
Oileán i bhfad ón stáisiún
Lán coiníní is éan
Mé fós i ndordán tráchta
Greannach le moille traen'.
Is meidhreach a chuid cainte
Ach boguaigneas fós á chrá
Driotháirín leis báite
A chorp fuar ar an trá.
Gan air ach cloch is gaineamh
Le síorghluaiseacht mhall na taoide
Cúpla gobán ag freastal
Faoileáin ag scréachaíl caointe.
Ach fuaim na dtonn ina ghlór
Cé fada ó bhí sé thall
Rugadh oileán i mo chroí
Le cuntas Willie Sal.
D'éalaigh uaim an bháisteach
Níor chualas fiú an traein
Ní raibh i m' shaol ach oileán,
Wille Sal is a scéal.
Caithfead cuairt a thabhairt air
Is rachaimíd araon
rhar sáile i mbad a smaointe
Chuig a chroí in Inis Gé.