If you are a native of Achill Island or the Barony of Erris you will be familiar with the place-names mentioned here! If you are not familiar then perhaps you should visit Achill and Erris to find the places mentioned. (There's a touch of global warming about this poem) You may notice slight exaggeration here and there and why not?
An t-Earrach
Ta fáinleoga arís i nGleann an Chaisil
'S iad ag eitilt go hard i Moing Mhór
Ag alpadh cuileog i nGleann Lára
Is ag sceimeadh thar chuan Phort a' Chlóidh.
Tá an fhuiseog go glórach i gCorrchloch
i gCúl Ába, i nDúloch is Ros Dumhach
Is caoinbhinneas lon dubh le cloisteáil
I nGreannaigh is i gCeathrú na gCloch.
Tá an traonach i nglór ar an gCarn
I móinéir an Eannaigh is Glais
San Fhál Mór agus thuas i Maigh Reathain
Ní thig leis istoich' éirí as!
Tá an chuach ar an gCorrán le seachtain
I nGlasoileán is siar Buaile ' Ghleanna
Dúirt fear Pholl a'Bhric liom Dé Sathairn
Go raibh gobadán ar nead i nDumha Cinn Aille.
Tá bradáin go fras i ngach abhainn
Ó Bhaingear go Doire na maol
Iad ag léimneach thar Dhroichead Annie Bhrady
Le háthas ar filleadh faoin tír
Tá méileach na n-uan i nGaoth Sáile
Is géimneach na ngamhna i gCionn Ramhar
Tá síor-cheol ag éin i nDumha Éige
Bhronnfadh éisteacht ar fhear a bheadh bodhar.
Tá crónán na mbeach ar an Doirín
I bPoll a' Chaonaigh, 'n Gob a Choire is Aisléim
Ag bailiú meala ó bhláthbhrat na críche
Mar tá Iorras is Acaill faoi ghréin.
Tá geamhar breá coirce is eorna
i nDumha Goirt, i nDumha Acha 's ar an gCaol
Ó Dumha Thuama amach go Gaoth Sáile
'S tá faobhar ar speal Thóin re Gaoith.
Tá gach gas faoi bhláth ann le fada
Ó Phort Durlainne go Tulachán Dubh
Is fataí Cheathrú Thaidhg is Dún Eibhir
Ag líonadh na ndruileanna go tiubh.
Tá cruach nua mhóna na bliana
Cois tithe i Sáile 's sa bhFód Dubh
Is aoirí o Chruachain go hInbhear
Ag bearradh lomraí troma na n-uan.
Tá leoithne ghaoth Feabhra chomh teolaí
Go bhfuil daoine is páistí ag snámh
In uiscí fionnuara Chuan Oilí
Le héalú ón mbrothal gach lá.
Anois is tú ag smaoineamh ar thaisteal
Chuig an ghrian chun do chraiceann a dhó
Ná bac leis an Spáinn ná an Iodáil
Tar go hAcaill is go hIorras Mhaigh Eo.