Seoimrín

by Administrator 15. October 2008 02:44

We all have a 'safe place' in our inner self where we often retreat to recharge the batteries!

Seoimrín

I seoimrín mo chroíse
Is féidir liom luí
Slán ó gach sciúirse
Agus saor ó gach pian.
Bíonn cuisle na cruinne
Támhánta trom
I gciúnas na gcianta
Oscailte dom.

In eachtraíocht eile
Nach maireann aon am
Cogarnaíl cruinneog
Faireach fann.
Faoi chabhail na héigcinnteachta
Fíorsmaointe na diamhrachta
I seile na síorraíochta
Ar changailt chlochrach
Athnuachan iomlán.

Frídín na beatha
Ionam féin
Gan mhéid gan laghad
Aontaithe in aon.
Níl thall ná i bhfus
Solas ná cluas-
Brí na céille
Faoi lánluas.

Nuair a fhágaim mo thearmann
Do bhóthar an t-saoil
Creidim athuair i gcarthanas
I gcairdeas, i ngaol
Mar snámhann trí'm intinn
Móraíocht mhín
Athghlór athghinte
Croí mo sheoimrín.

Currently rated 5.0 by 1 people

  • Currently 5/5 Stars.
  • 1
  • 2
  • 3
  • 4
  • 5

Tags:

Comments

Add comment


(Will show your Gravatar icon)  

  Country flag

biuquote
  • Comment
  • Preview
Loading



Powered by BlogEngine.NET 1.4.5.0
Theme by Mads Kristensen

About the author

I love  writing poems in the Irish language. Most of my conversations/communications are usually in Irish as it is my favourite language in all the world.  I live in the west of Ireland, enjoying the wind, the rain and the rare glimpses of the sun.  I love the sound of the sea and the constant singing of birds and these are echoed in my verses.  I have published three books of poetry: 'Cúinne na mBard', 'Cumar na mBard' and 'An Teacht amach' with Coiscéim.  The last title has a long story behind it that I will save for another day.  I regard myself as a bard rather than a poet because most of my verses are about practical things, ordinary people and places rather than the mystic and the mysterious even though there's a touch of that here and there in some poems.  I am really just a learner in this field so bear with me and enjoy the reading as I do the writing.

Leabhar nua ar fáil "Bun na Dúid" agus tá suil agam go dtiocfaidh sibh air i siopa éigin!

Tá súil agam go mbainfidh tú taitneamh agus sult as na bhéarsaí atá curtha in airde agam anseo.

Cuir ríomhphost chugam ag polaimhin@yahoo.com Beidh fáilte roimh gach tuairim!  

Pádhraic   

Page List